B’as an Dubhaigh, Na Dúnaibh a athair agus bhog sé aníos go dtí an ché ar na Dúnaibh nuair a pósadh é. Ba sin baile na máthar agus ba teach é inár chónaí na gardaí cósta i dtús an chéid. B’iascaire a athair ach fuair sé post ag obair leis an Chomhairle Contae ag tógáil bealaí móra.